Imirce agus Pobail Gaeltachta ar Fud an Domhain

Le Isabel Duff, Eagarthóir Gaeilge

Is é an cheist a bhíonn i dtreis sa bhliain 2025 ná imirce agus na daoine óga as Éirinn ag maireachtáil ar fud an domhain. An bhfuil aithne agat ar siblín nó col ceathrar nó cara tar éis Éire a fhágháil? Dár ndóigh bhíodh stair casta i gconaí ag Éireann maidir le himirce. Inniu, tá na daoine óga ag fágáil mar tá an tír seo mí oiriúnach dóibh. Níl aon tithe nó postanna ar fáil dóibh, bíonn daoine óga ag bogadh go dtí an Astráíl, Londain, Meiriceá agus Ceanada ina sluaite móra.Cé go bhfuil Éire ag cailleadh na daoine is luachmhaire agus is cliste sa sochaí, díol spéise a bhfuil an cúltúr Éireannach ag fás tríd an domhain ar fad. Mar a deir an seanfhocal ‘Beatha teanga í a labhairt’ agus cé nach bhfuil na mílte Éireannach óga in Éirinn, fós bíonn siad ag spealpadh gaeilge. Cén fáth gur thagann ár gcuid gaeilge ar ais dúinn nuair nach bhfuilimid in Éirinn? Chomh maith le sin, is suimiúil an rud go mbíonn suim ag daoine thar lear ar an nGaeilge. Caithfimid leas a bhaint as an tsuim mhéadaithe ar an nGaeilge agus ar cultúr na hÉireann.

Le déanaí , ní amháín in Éirinn a chloistear an Ghaeilge. Ait an smaointe go mbíonn Gaeltacht suite i gCeanada mar is cinnte nach bhfuil an ghaeilge sa timpeallacht nádurtha sa chás seo, i gcúige Ontario i gCeanada. Go traidisiúinta, déanann Údarás na Gaeltachta cur síos ar an bhfocal ‘Gaeltacht’ mar ‘áiteanna in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge an teanga dhúchais agus is coitianta don phobal áítiúl.’  Bunaíodh ‘Cumann na Gaeltachta’ sa bhliain 1994 , ba ea Séamus Mac Concharraige an bunaitheoir. Bhí fonn air ceantar Gaeltacht a chruthú d’fhoghlaimeoirí agus do ghaelgeoirí i Méiriceá Theas. Ar an 16ú Meitheamh 2007, tháinig forbairt spéisiúil don Ghaeilge nuair a bhunaigh an Cumann na Gaeltachta áit in Tamworth, Ontario i gCeanada ina bhfuil na daoine ag labhairt agus ag foghlaim an Ghaeilge. Is é Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir ainm an áít seo. Cruthaíonn an teidéal ‘Gaeltacht’ conspóid san áít seo mar níl Ontario suite in Éirinn. Dar liom, is cinnte go bhfuil an teidéal ‘Gaeltacht’ thar a bheith oiriúnach don áit seo. Ní gá dúinn rud éigin a dhéanamh as neamhní , labhraíonn daoine gaeilge san áít sin, is Gaeltacht í. Mhínigh Aralt Mac Giolla Chainnigh, ceann de na daoine is cumhachtacha leis an scéím seo , an ráiteas misin atá acu gearr agus soiléir. Dúirt sé ‘Nuair a thugaim cursíos ar na himeachtaí a bheidh againn sna blianta atá romhainn, deir daoine áirithe nach ‘fíor-Ghaeltacht’ ach ‘campa samhraidh’ atá i gceist. Glacaim leis sin agus tuigim go gcaithfimid a bheith cúramach faoi úsáid an fhocail ‘Gaeltacht’, ach ag an am céanna níor chóir dúinn teorainneacha cúnga a chur ar na féidearthachtaí atá ann. Níl aon phlean againn faoi láthair áit a chruthú ina mbeidh daoine ina gcónaí go leanúnach, ach b’fheidir go mbeidh athrú intinne ag daoine i gceann caoga bliain. Má fhásann an tionscadal, caithfidh sé a bheith ar ár gcumas ár n-aidhmeanna a leathnú fosta’.  Is rud dearfach é sin ar thaobh na Gaeilge, ní feidir leat é a shéanadh! Is léir go bhfuilimid ag maireachtáíl sa domhain ilchultúrtha agus ilteangach. Da bhrí sin, is cinnte go mbeadh Éire agus an Ghaeilge san áireamh i ngach tír is féidir.

Cé go mbíonn daoine áirithe agus grúpaí éagsúla tríd an domhain ag labhairt gaeilge go laethúil agus ag iarraidh í a spreagadh agus í a chur chun cinn , is í an Ghaeltacht in Ontario an Ghaeltacht is mó atá ann gan a bheith suite in Éirinn. Is pobal bríomhar spleodrach é agus cruthaíonn sé ardáin do dhaoine a bhfuil suim acu ar an gcultúr agus teanga gaelach, is feidir leo ceangal a bheith acu leis a n-oidhreacht. Fadó fadó, le linn an Ghorta Mór sna 17ú haois, tháinig na mílte Éireannach go dtí áíteanna cosúil le Ontario i gCeanada agus ceantar eile i Méiriceá Thuaidh gan dabht. Faraor, nuair a tháinig na Éireannaigh go dtí na tíortha sin bhíodh siad ag labhairt as Béarla mar gheall ar an smacht a bhíodh ag an mBéarla sna cursaí gnó, oideachais , agus an rialtais i gCeanada agus i Meiriceá. Is trua é gur chaill na mílte Éireannaigh agus a gcuid páistí agus garpháistí a gcuid Gaeilge ar chúis le sin. Dá bhrí sin, is í an áit seo, Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir, a thabharfaidh slán ar a n-oidhreacht féin. Tá 62 acra talún ag an nGaeltacht seo agus déanann an pobal iarracht an teanga a choméid beo trí réimse leathan féile, campaí samhraidh, ranganna, rince gaelach, GAA agus an rud is tabhachtaí dar ndóigh, is feidir leat Gaeilge a fheiscint timpeall na háite.

Is é mo dhéarbhú go mbeadh gaeltachtaí eile suite thar lear plean maith chun an teanga a chur chun cinn i measc na n-óg go háirithe. Rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh suirbhéíreacht agus taispeaineann nan torthaí gur d’fhág duine as gach ochtar atá fiche bliain d’aois. Tá na daoine óga ag fagáíl Éire, is fíric í seo. Is iad an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada agus na Stáit Aontaithe na tíortha is cáilíula don imircigh Éireannaigh. Cén fáth nach mbeadh níos mó cheantair Gaeltachta sna tíortha seo? Tá gaeilge ag go leor de na imircigh seo. Níl an dara rogha ag daoine óga ach fagáil Éire mar gheall ar staid reatha na tíre ach tá deiseanna againn fós ár gcuid teanga agus ár gcúltúr a spreagadh thar lear. Ní imíonn an Ghaeilge as radharc nuair a fhagann tú Éireann. “People like to connect with their roots. There’s a sense of pride in that identity,” arsa Sheila Scott, ceann de na bunaitheoir Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir. Feictear domsa go bhfuil níos mó suime ag daoine óga ar a gcuid cultúr tar éis Éire a fhagáíl. Is iad na daoine óga na daoine leis an ról is mó maidir le hathbheochan na Gaeilge, ce go mbíonn siad ag fagáil. Tá fonn oraibh píosa Éire a thabhairt leo, b’fhéidir gurb í an teanga í, b’fhéidir gur siombail Éireannach í tatú ar a gcorp nó b’fhéidir an t-eolas atá acu ar a n-oidhreacht Éireannach. Tá ar gcúltur feicthe againn i ngach áit ar domhain inniu.

Díol suime a bhain an rialtais Éireannach maoiniú chun muinteoirí líofa as gaeilge dul ar thuras go Ceanada agus na Stáit Aontaithe chun muiniú ag na coláistí. Ar an gcuma chéanna, bíonn daoine ón Meiriciá Thuaidh ag glacadh páirt sna cursaí urraithe ag Coimisiún Fulbright i nGaillimh. Is léir go bhfuil fonn ar dhaoine chun an Ghaeilge agus an oidhreacht a chosaint agus ar an lámh eile is cinnte go bhfuil daoine tríd an domhain fiosrach mar gheall ar an nGaeilge. Is brea an rud é an t-eolas.

Nuair a ruaigeadh as an dtír seo iad na daoine óga, ní amháin a bhíonn siad ag tabhairt a scileanna teangacha leo , bíonn siad ag tabhairt a scileanna spóirt freisin go háírithe Cumann na Lúthchleas Gael. I rith an 19ú céad thug na imircigh Éireannaigh iománaíocht agus peil gaelach leo go dtí an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe. Mar is eol don tsaoil, cruthaigh CLG pobail soisialta thar lear do dhaoine tar éis Éire a fhágáil. Mar gheall ar an méadú na himirce ó 2008 i leith, sa lá atá inniu ann tá go leor foirne iomanaíochta, camogaíochta agus peil gaelach scaipthe timpeall an domhain. Deirtear go bhfuil 439 clubanna CLG ann lasmuigh d’Éirinn. Faigtear 130 clubanna i Meiriceá Thuaidh , 40 i Nua-Eabhrac amháin. Tá 83 clubanna CLG i mBreatain, 71 san Eoraip, 64 san Astráil agus 19 i gCeanada. Is í an Áise an áit ina raibh an fás is mó le blianta beaga anuas, sa lá atá inniu ann tá 22 clubanna CLG in Áise. Chomh maith le sin anois tá 10 clubanna sa Mheánoirthear. Is léir go bhfuil rath ag an CLG in Éirinn agus i gcéin. Cuireann sé seo cumacht na hÉireannaigh in úil dúinn. Is tír beag í Éire ach gan dabht níl anam beag againn. Tuigtear gur tríd iomaníocht , peil gaelach agus camogaíocht mothaíonn na himircigh níos lú uaigneach. Tá deis agaibh CLG a mhuineadh do na daoine áitiúla i cibé tír a roghnaíonn siad.  Ar an lámh eile cabhraíonn an CLG chun níos mó cumarsáid idirchultúrtha a chruthú. Ceann de na buntáistí a bhaineann le cónaí thar lear ná na heispéiris nua. Más duine spórtúil thú, tá seans agat spóirt náisiúnta do thíre nua a imirt.

Nuair atá an deireadh ráite, is brea an rud é stádas na Gaeilge sa bhliain 2025 ar fud an domhain. Bíonn an fonn a bheith páirteach i bpobal lárnach san ardú in úsáíd na teanga thar lear. Tá cumhacht ar ár gcuid teangacha. Gach coicís éiríonn teanga dhúchais imithe in éag.Tá an domhain ag éirí níos galldaithe agus ba chéart dúinn na teangacha imeallaithe a chosaint agus iad a choiméad beo. Mar a deir an seanfhocal ‘ Tír gan teanga, tír gan anam’. Níl ach deis amháin againn in aghaidh an tsaoil chun ár dteanga a shábháíl. I mo thuraim féin is brea liom a bheith ag maireachtail sa domhain ilchúlturtha agus ilteangach. Ba chóir go mbeadh ár saol fós ilchúltúrtha, bríomhar agus suimiúil. Tá sé riachtanach anois ár guthanna a úsáid agus ár gcultúir éagsúla a chosaint.

Previous
Previous

Unequal Parenthood: Ireland’s Legal Gap for Male Same-Sex Couples

Next
Next

How Ireland Fell Out of Love with Citizens' Assemblies