Is mór an conspóid atá bainteach leis an margadh cíosa anseo in Éirinn fé láthair, agus ní haon ionadh é. Nochtaíodh le linn na míosa seo chaite go raibh árdú cíosa 3% i ndán dos na daoine atá ina gcónaí i lóistín Ollscoile anseo i gCorcaigh don bhlian seo chugainn. Leannan an fógra sin roinnt Ollscoileanna eile, i nGallaimh agus i mBaile Átha Cliath ag árdú cíosa na mac léinn comh hard agus ba féidir a dhéanamh sna Criosanna Brú Cíosa, 4%. Ó dhearcadh na mac léinn sa tír, tá an cás ag dul in olcas gach aon bliain. I Luimneach agus i Má Nuad, tá árdú 3-3.5% le teacht ar na cíosanna. Cáintear ag Aontas Na Mac Léinn na hOllscoile seo an fógra, de réir ráiteas priosa an Aontais;“Leis an gcinneadh sin, tá borradh 19% tagtha ar chíosanna mac léinn atá ina gcónaí sna chúig bloc atá i seilbh UCC le trí bliain anuas. Claonadh nach féidir leis leanúint ar aghaidh.”Tá dearcadh ag cuid-mhaith mac léinn go bhfuil caighdeán na n-árasán fíor-íseal ar an margadh fé láthair, agus is fuirist é sin a thuiscint. Maíonn lucht UCD go gcuirfidh an beart daoine as, agus go mbeidh taisteal níos faide á dhéanamh ag scoláirí díreach chun oilliúnt agus oideachas a fháilt.
Árdú cíosa in aghaidh na míosa
Previous
Previous
Music as Sanctuary; The Creation of a Safe Haven in the form of Charity Gigs
Next
Next

